
By Katelyn Gaughan
The use of Gaeilge in modern media is steadily increasing in popularity. Whether it’s listening to Kneecap, sporting a geansaí from Debúrca Designs, or simply using their cúpla focal in conversation, many people are eager to make use of the language. This article, which will hop between Gaeilge and Béarla, looks at some of the most convenient ways to incorporate an teanga into your daily life.
Nuacht Mhall is an Irish language podcast available on the major streaming services.
Tá an podchraoladh seo foirfe do thosaitheoirí nó d’aon duine a bhfuil níos lú muiníne acu as a gcumas tuisceana. Cuireann an podchraoladh síos air féin mar ‘Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall’ (‘The week’s main news stories, read slowly in Irish’). Eisítear eipeasóidí go seachtainiúil agus is bealach iontach é seo le Gaeilge a chur le do ghnáthamh seachtainiúil. Tá gluais agus tras-scríbhinn ar fáil sa chur síos ar gach eipeasóid. Is acmhainn iontach é d’aon duine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
For more confident language-users, Raidió Rí-Rá is the place to find podcasts.
Tá sé podchraolta ar fáil faoi láthair le héisteacht leo ar shuíomh gréasáin Raidió Rí-Rá. Tá siad go léir ar fáil ar sheirbhísí sruthaithe móréilimh ar nós spotify, ach tá sé áisiúil iad go léir a bheith le chéile ar an suíomh gréasáin ionas go mbeidh sé níos éasca do lucht éisteachta nua triail a bhaint astu. Níl eipeasóid nua eisithe ag ceithre cinn de na podchraoltaí seo ó 2024 i leith, ach is uirlisí foghlama iontacha agus foinsí siamsaíochta iad na heipeasóid atá ann faoi láthair. Is bealaí iontacha iad an dá phodchraoladh atá fós á n-eisiúint go rialta, Seansálaithe agus Saol le Sean, chun do scileanna éisteachta a fheabhsú.
One of the most well-known options for listening to Gaeilge is Raidió na Gaeltachta.
Is rogha coitianta é Raidió na Gaeltachta i measc daoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a chuimsiú ina ngnáthamh. Is é an stáisiún raidió Gaeilge náisiúnta é, ina bhfuil éagsúlacht cláracha agus podchraoltaí. Tá na nuashonruithe go léir aige ar spóirt agus nuacht, mar sin is é an stáisiún foirfe é le húsáid rialta.
Similarly, TG4 can be a really useful resource for engaging with the language in a fun way.
Is cainéal teilifíse poiblí Éireannach é tg4 a chraoltar trí Ghaeilge. Tá go leor roghanna ar fáil ar TG4 do lucht féachana níos airde, chomh maith le cartún i nGaeilge a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do thosaitheoirí.
For many learners, the thought of reading an entire book as Gaeilge can be quite daunting or otherwise unappealing. I recommend reading news articles instead! Tuairisc.ie is our top suggestion for accessible articles in Irish.
Tá bailiúchán iontach ábhar ar an suíomh gréasáin seo lena n-áirítear físeáin, podchraoltaí agus ailt scríofa. Tá éagsúlacht scéalta nuachta ann, a ligeann d’úsáideoirí ábhar a roghnú a bhfuil suim acu ann. Tá sé úsáideach d’aon duine atá ag iarraidh a scileanna léitheoireachta a fheabhsú.
Social media is one of the main facilitators of modern media consumption. Here are some Instagram accounts that I would recommend following if you want to add some Gaeilge to your feed.
@gaeilgevibes
@gaeilge_bheo
@glowingwithgaeilge
@gaeilge_i_mo_chroi
@maire_nichurraoin
Is iad seo na príomh-mholtaí atá agam, ach tá go leor cuntas ag póstáil trí Ghaeilge má chuardaíonn tú iad! is deis iontach é chun do stór focal a fheabhsú ar bhealach spraíúil.
For anyone who is confident in their speaking skills and looking for an opportunity to use them, sporting some merch can be a great conversation-starter. Here are some brands to look into:
Beanantees- geansaithe, t-léinte, agus málaí
Debúrca Designs- geansaithe cluthar agus giuirléidí eile
Ditsy Bits- faisean inbhuanaithe
Nine Arrow- priontaí, bioráin, agus cártaí
Petite Boutique- seodra álainn inacmhainne
Betty and Biddy- siopa seodra le cnuasach iontach Gaeilge
Enibas- seodra Gaeilge ar ardchaighdeán
Mara Duit- dearthóir rudaí gleoite, ag oscailt arís go luath
Tá neart gnólachtaí Éireannacha eile ann a bhfuil táirgí Gaeilge acu agus is fiú go mór tacaíocht a thabhairt dóibh. Is bealach iontach é tacú leis na gnóthaí seo chun an teanga a choinneáil beo.
Sin é go ceann tamaill, but there are plenty more resources available to those willing to look for them. It takes a little bit of work, but whether you learned Gaeilge in school and stopped using it after the Leaving Cert, or whether you’ve never learned the language before and are starting from scratch, there are plenty of options available to help you on your journey. Ádh mór!
Sponsored by Údarás na Gaeltachta