Is acmhainn chabhrach é podchraoladh agus tú ag foghlaim teanga nua, agus tá réimse leathan de phodchraoltaí á chruthú ag foireann agus craoltóirí Raidió Rí-Rá. Táimid cinnte go gcabhróidh siad libh cur le bhur scileanna Gaeilge. Seo chugaibh na sé cinn is fearr linne:
1. Gaelgals
Samhlaigh yap leis na cailíní – i nGaeilge. Seo cad a gheobhaidh tú sna Gaelgals. Pléann na gals topaicí atá éasca le tuiscint, éadrom, taitneamhach agus i mbéal an phobail. Eagrán nua gach Céadaoin ag a 8 a chlog ar Raidió Rí-Rá.
2. Seal le Seán
Clár cainte é seo ina gcuireann Seán Ó Dubhchon aíonna éagsúla faoi agallamh gach seachtain, ó réaltaí Ros na Rún go polaiteoirí. Bíonn ábhair éagsúla á bplé i ngach clár agus meascán de chanúintí i ngach ceann chomh maith. Is féidir an leagan is déanaí a chloisint gach Satharn ar Raidió Rí-Rá idir 10-12.
3. Dúchas
Samhlaigh oíche scéalaíochta cois tine, seo conas mar a bhíonn eagrán de Dhúchas – bothánaíocht dhigiteach más maith leat! Sa chlár seo, téann Cian agus Cúán ag tochailt tríd dúchas.ie le spléacadh a thabhairt ar nithe spéisiúla d’oidhreacht na hÉireann. Éist le Dúchas gach Déardaoin ar a 8 a chlog.
4. Seansálaithe
Triúir cairde a phléann gach rud faoin spéir, agus is seansálaithe cearta iad! Tá canúint Uladh ag Hugh agus Áine, agus canúint Chonamara ag James. Cuirfidh an podchraoldh seo go mór le do scileanna cainte agus cumarsáide. Eagrán nua ar rrr.ie gach Aoine ag a 8 a chlog.
5. Coinne Chultúir
Tugann foireann Rí-Rá cuireadh duit teacht ar choinne chultúir leo sa phodchraoladh seo ina dtugann siad léirmheas ar nithe éagsúla den gcultúr, ina measc albaim, scannáin agus leabhair. Tá an ceann seo éacsa le leanúint toisc go bhfuil fráma tagartha leis. Le cloisint ar rrr.ie gach Domhnach ag meánlae.
6. Lón Machnaimh
Is ionann Lón Machnaimh agus ábhar machnaimh, agus sin sprioc an phodchraolta seo: éisteoirí a chur ag machnamh. Labhraíonn foireann Rí-Rá le daoine éagsúla ó shaol na Gaeilge faoin meabharshláinte, cúrsaí teangan agus a thuilleadh ná é. Eagrán nua gach Aoine ag meánlae agus ar Spotify.
Raidió Rí-Rá Podcasts
Podcasting is a helpful resource when learning a new language, and there is a wide range of podcasts being created by Raidió Rí-Rá staff and broadcasters. We are sure they will help you improve your Irish language skills. Here are our six favourites:
1. Gaelgals
Imagine yap with the girls – in Irish. Here is what you will find in Gaelgals. The gals discuss topics that are easy to understand, light, enjoyable and popular. Listen to the latest edition every Wednesday at 8 o’clock on Raidió Rí-Rá.
2. Seal le Seán
This is a talk show where Seán Ó Dubhchon interviews different guests every week, from Ros na Rún stars to politicians. Different topics are discussed in each programme and a mix of dialects in each one as well. The latest version can be heard every Saturday on Raidió Rí-Rá between 10-12.
3. Dúchas
Imagine a night of storytelling by the fire, this is what an episode of Dúchas is like! In this programme, Cian and Cúán dig through dúchas.ie to give you a glimpse into some unusual aspects of Irish heritage. Listen to Dúchas every Thursday at 8 o’clock.
4. Seansálaithe
Three friends who discuss everything under the sun, and they are real chancers! Hugh and Áine have an Ulster dialect, and James has a Connemara dialect. This podcast will greatly enhance your speaking and communication skills. New episode on rrr.ie every Friday at 8 o’clock.
5. Coinne Chultúir
The Rí-Rá team invites you to join them on a cultural date in this podcast where they review various aspects of pop culture, including albums, films and books. This one is easy to follow because it has a frame of reference. Listen in on rrr.ie every Sunday at noon.
6. Lón Machnaimh
Lón Machnaimh is synonymous with food for thought, and that is the goal of this podcast: to get listeners thinking. The Rí-Rá team talks to various people from the Irish language world about mental health, language matters and more. New edition every Friday at noon and on Spotify.