Cad é Raidió Rí-Rá? What is Raidió Rí-Rá?

Tá Raidió Rí-Rá ar an bhfód ó 2008, agus é mar aidhm againn seirbhís ar ardchaighdeán atá tarraingteach agus ábhartha a sheachadadh dár n-éisteoirí. Is stáisiúin ceoil muid don gcuid is mó ach bíonn cláir chainte agus podchraoltaí ar an aer againn gach lá chomh maith. Bíonn meascán de chairtcheoil, ceol ailtéarnach, ceol tíre agus a thuilleadh ná é cloisint ar Raidió Rí-Rá le béim ar chothromaíocht inscine ar an aer agus ar cheol Éireannach agus ceol as Gaeilge. Tá thart ar 33,000 éisteoir againn in aghaidh na míosa agus tá an uimhir sin ag fás go leanúnach le cúpla bliain anuas. Is muidne an t-aon stáisiúin raidio Gaeilge do dhaoine óga in Éirinn agus tugaimid árdán do cheoltóirí agus craoltóirí óga le Gaeilge a scileanna a fheabhsú agus a fhorbairt. Tá foireann de thriúir ag Rí-Rá a bhíonn ag plé le Rí-Rá go lán-aimseartha agus thart ar fiche craoltóir eile a bhíonn ag obair linn go deonach. Is stáisiúin digiteach sinn don gcuid is mó agus bímid ar FM 30 lá sa bhliain. An sprioc fadtéarmach atá againn ná a bheith ar FM gach la den bhliain. Lasmuigh de chúrsaí Raidió bíonn go leor rudaí eile ar siúl againn idir cheardlanna do mhic léinn, imeachtaí sóisialta i mBaile Átha Cliath, podchraoltaí beo agus freastal ar fhéiltí ceoil mar chuid de Chroí na Féile, feachtas a chuireann an Ghaeilge chun cinn ag na féiltí ceoil is mó sa tír, Electric Picnic san áireamh. Is féidir éisteacht linn ar www.rrr.ie agus ar an aip. Bí cinnte súil a choimeád ar mheáin shóisialta Raidió Rí-Rá ag @raidiorira le bheith cothrom le dáta leis an nuacht is déanaí uainn. 

Raidió Rí-Rá was founded in 2008 and it is our goal to deliver a high-quality, engaging service to our listeners. We are mainly a music station but we also have chat shows and podcasts as part of our daily schedule. You’ll hear everything from folk to funk music on Raidió Rí-Rá with an emphasis on gender equality as well as Irish music and Irish language music. We have around 33,000 listeners a month and that figure has grown consistently over the last couple of years. We are the only Irish-language radio station for young people in Ireland and we provide a platform for young musicians and broadcasters with an interest in Irish to develop and grow their skills. We have a fulltime team of three and around twenty volunteer broadcasters working with us. We are mainly a digital station but we broadcast on FM 30 days a year. Our long-term goal, and something we are continuously campaigning for, is to be on FM every day of the year. As well as broadcasting we also work with schools and facilitate workshops in secondary schools, organise social events in Dublin including live podcasts and attend music festivals as part of Croí na Féile, a campaign promoting Irish at some of the biggest music festivals in the country including Electric Picnic. You can listen to us on www.rrr.ie and on the app. Be sure to keep up to date with all things Rí-Rá by following us on social media @raidiorira. 

Comments

comments