GEARRFHÍSEÁN DÁTHEANGACH NA BLIANA
Céard atá uainn?
Tá BLOC TG4 sa tóir ar an ngearrfhíseán is cruthaithí, is nuálaí, is siamsúla agus is úrnua ó mhic léinn sa chatagóir Smedia seo – Gearrfhíseán Dátheangach. Seo físeán a bheadh feiliúnach do cheann de na hardáin meán sóisialta atá againn.
An DUAIS !
Ní hamháin go bhfaighidh buaiteoir an fhíseáin is fearr duais airgid €500, beidh an físeán le feiceáil ar ardáin BLOC freisin.
Céard é BLOC?
Is mol físeán meán sóisialta Gaeilge é BLOC atá dírithe ar lucht féachana 16-25+ bliana d’aois agus tá sé le fáil ar Instagram, TikTok, YouTube agus Bluesky.
Tá BLOC 7 mbliana ar an bhfód anois agus is é an sprioc atá aige ábhar Gaeilge a chur ar fáil do Ghaeil óga atá siamsúil, greannmhar agus craiceáilte in amanna, ag leanúint treochtaí i gcónaí.
Nuair is gá, bíonn ábhar níos dáiríre ar an ardán freisin. Ábhar ina leagtar béim ar scéalta atá ábhartha don ghlúin seo, ar na rudaí atá ag déanamh imní dóibh agus ar rudaí a bhaineann go sonrach leo. Ábhar ina gcíoraítear ceisteanna polaitíochta agus sóisialta an lae.
Is féidir teacht orainn anseo
What are we looking for?
BLOC TG4 is looking for the most creative, innovative, entertaining and freshest short video from students for the Bilingual Short Video category that would be suitable for one of our social channels.
The PRIZE!
The best video will be awarded a cash prize of € 500.00 euro and will be published on one of our platforms.
What is BLOC?
BLOC is an Irish-language social media video hub aimed at audiences aged 16-25+ and can be found on Instagram, TikTok, YouTube and Bluesky. Our goal is to produce social media content that is entertaining, thought provoking, daring at times but always relevant.
When necessary, BLOC’s content can be serious as well: content that highlights issues that concern and are relevant to your generation, alongside stories regarding contemporary political and social issues of our world.
Treoirlínte d’Iarratais / Submission Guidelines:
Ní mór do na físeáin a chuirtear ar aghaidh don chomórtas seo a bheith idir 1-5 nóiméad ar fad. Ní mór do na físeáin a chuirtear ar aghaidh do BLOC a bheith i nGaeilge go príomha chun go mbeidh siad feiliúnach do na príomhardáin atá againn – Instagram, TikTok nó YouTube.
Videos must be between 1 & 5 minutes long to be submitted for the competition. The videos submitted on BLOC must be primarily in Irish in order to be suitable for our main platforms – Instagram, Tik Tok or Youtube.
Glacfar le hiarratais ón 14 Feabhra 2025 go dtí an 12 Márta 2025.
Submissions open 14th February 2025 and close 12th March 2025.