Le Caitríona Ní Chonaill

Agus tú ar do shlí chun na hoibre, na soithí á ní agat nó ar shiúlóid chun beagáinín Vitimín D a fháil sula n-imíonn an ghrian uainn arís, is iontach comhluadar a bheith agat sna cluasáin. Cén slí níos fearr é sin a dhéanamh ná tiúnáil isteach chuig Raidió na Gaeltachta chun éisteacht leis an nuacht, clár siamsaíochta nó réimse leathan ceol ó fud fad na tíre agus i bhfad i gcéin. Seo agat 5 chláir ar réimse spéise gur cheart duit éisteacht leo gan mhoill:

Bladhaire

15:00-17:00 Déardaoin & Dé hAoine

Cuireann an láithreoir gealgáireach Áine Ní Bhreisláin clár siamsaíochta ar fáil beo ó stiúideo Dhoirí Beaga i nDún na nGall gach Déardaoin agus Aoine i lár an lae. Bíonn plé ar chúrsaí siamsaíochta, seisiúin cheoil beo sa stiúideo, trácht ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le haíonna ar fud an domhain, agus corr-phíosa spóirt freisin. Clár úr bríomhar a bhíonn i gceist, le go leor craic agus comhluadar ar fáil agus an deireadh seachtaine ag druidim linn!

An Saol Ó Dheas

12:08- 13:00 Dé Luain – Dé hAoine

Béim láidir ar imeachtaí i gceantair Ghaeltachta na Mumhan, á cur i láthair ag Helen Ní Shé, a cuireann agallamh ar dhaoine suimiúla sna cheantair éagsúla, agus go leor ceol le cloisint ar an gclár chomh maith!

Ómós Áite

14:05-15:00 Dé Céadaoin

Ag fiosrú an ceangal idir duine agus dúthaigh ina gcuid scríbhneoireachta a bhíonn an file mór le rá Ailbhe Ní Ghearbhuigh sa chlár seo, atá le cloisint uair sa seachtain ar an gCéadaoin óna 14:05-15:00. Cuireann sí agallamh ar scríbhneoirí Gaeltachta agus Gaeilge faoin nasc idir ealaíontóir agus áit. 

An Braon Gaelach

20:00-21:00 Dé Domhnaigh

Nicole Ní Dubhshláine a chuireann an clár ceoil seo i láthair, ag cur réimse ceol tradaisiúnta ar fáil ó cheann ceann na tíre, idir an sean agus an nua. Slí iontach chun uair a chloig a chaitheamh ar do shuaimhneas oíche Dé Domhnaigh ag éisteacht léi!

An Taobh Tuathail

Dé Luain 23:00-01:00, Dé Máirt- Dé hAoine 22:00-00:00

Má fhanann tú i do dhúiseacht go maidin, seo an clár duitse! Réimse leathan ceol nua ailtéarnachatá ar fáil ar an gclár seo, curtha i láthair ag Cian Ó Cíobháin. Ag tús na seachtaine, bíonn na roghanna ceol séimh go leor, ach ag druidim i dtreo an deireadh seachtaine, éiríonn an ceol níos tapúla. 

Agus tú ag éisteacht leis na gcláracha iontacha seo go léir, bíodh sé san aigne agat go bhfuil RTÉ Raidió na Gaeltachta mar urraitheoir arís i mbliana ar chatagóir dos na SMEDIAS 2024! Coimeád súil (nó b’fhéidir cluas!) amach chun fáil amach cén catagóir a bheidh siad bainteach leis! 

5 Great Programmes on RTÉ Raidió na Gaeltachta… and a big announcement!

By Caitríona Ní Chonaill

When you’re on your way to work, washing the dishes or on a walk to get a little Vitamin D before the sun goes down again, it’s great to have company in your headphones. What better way to do that than by tuning in to Raidió na Gaeltachta to listen to the news, an entertainment programme or a wide range of music from all over the country and beyond. Here are 5 programs on a range of ​​interests that you should listen to soon:

Bladhaire

15:00-17:00 Thursday & Friday

The brilliant presenter Áine Ní Bhreisláin offers an entertainment program live from the Dhoirí Beaga studio in Donegal every Thursday and Friday in the middle of the day. There are discussions on entertainment, live music sessions in the studio, commentary on events around the country, interviews with guests from around the world, and the occasional piece on sport too. It’s a fresh and lively programme, with lots of fun and company available as the weekend approaches!

An Saol Ó Dheas

12:08-13:00 Monday – Friday

A strong emphasis on events in the Gaeltacht areas of Munster, presented by Helen Ní Shé, who interviews interesting people in the various areas, and lots of music to be heard on the program as well!

Ómós Áite

14:05-15:00 Wednesday

In this program, which can be heard once a week on Wednesdays from 14:05-15:00, the famous poet Ailbhe Ní Ghearbhuigh explores the connection between a person and a region in their writing. She interviews Gaeltacht and Irish writers about the connection between artist and place.

An Braon Gaelach

20:00-21:00 Sunday

Nicole Ní Dubhsláine presents this music program, providing a range of traditional music from all over the country, both old and new. A great way to spend a relaxing hour on a Sunday night listening to her!

An Taobh Tuathail

Monday 23:00-01:00, Tuesday- Friday 22:00-00:00

If you stay awake all night, this is the program for you! A wide range of new alternative music is available on this program, presented by Cian Ó Cíobháin. At the beginning of the week, the music selections are quite soft, but towards the weekend, the music becomes faster.

While you’re listening to all these great programs, keep in mind that RTÉ Raidió na Gaeltachta is a sponsor again this year for the SMEDIAS 2024 category! Keep an eye (or maybe an ear!) out to find out which category they will be associated with!

Comments

comments